Imeachtaí

       Déanann Picnic Press imeachtaí do pháistí a reáchtáil ag féilte, i scoileanna agus i leabharlanna ar fud na tíre. Bí i dteagmháil linn le tuilleadh eolais a fháil.

 Teagmháil: picnicpress.ie@gmail.com

Sadhbh Rosenstock
Sadhbh Rosenstock le Seán McElwain, Tristan Rosenstock, Muireann Uí Dhúnlaing, Eavan Ní Mhuirgheasa

Le tuilleadh eolais a fháil, bí i dteagmháil linn ag: picnicpress.ie@gmail.com

Sadhbh Rosenstock i Leabharlann Dhún Droma. Grianghraf: Conor Ó Mearáin
Sadhbh Rosenstock i Leabharlann Pheambróg le páistí ó Ghaelscoil Eoin.

Picnic Teidí – físeáin bheochana do pháistí ar fáil saor in aisce

ag https://www.youtube.com/@sadhbhrosenstock

Breis is 200,000 amas (views) go dtí seo! 

Picnic Teidí an teideal atá ar cheirnín a d’eisigh Gael Linn ar a bhfuil breis is scór amhrán agus rann nua le Sadhbh Rosenstock. Anois, le tacaíocht ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) tá cuid de na hamhráin ar fáil i bhfoirm fhíseáin bheochana leis na liricí ar an scáileán.  

Arsa Sadhbh:“tá ríméad orm go bhfuil na teidithe tagtha chun beatha anois ar bhealach spreagúil spraíúil ildaite. Canaigí libh, a pháistí!” 

An t-ealaíontóir Ciara Ní Dhuinn, as Ceatharlach ó dhúchas ach atá ina cónaí in Chicago, a rinne an obair ealaíne agus is é an beochantóir Robert Smyth, a bhí ag obair le Disney, a chruthaigh na físéain bheochana.  

Áis an-luachmhar do pháistí ón Naíonra go Rang a dó iad na físeáin agus beidh páistí ag iarraidh breathnú orthu arís is arís eile sa mbaile. 

Tiocfaidh tú ar an gceirnín Picnic Teidí ag

www.gael-linn.ie , ar iTunes agus ar Spotify 

Delightful collection of songs and poems for kids

as Gaeilge, from Sadhbh Rosenstock”

The Irish Times

Grianghraif ó imeachtaí le déanaí

Féile na Gealaí. Grianghraf: Cathal Mac an Bheatha
Féile na Gealaí. Grianghraf: Cathal Mac an Bheatha
Ceiliúradh 50 bliain Scoil Naithí leis an Aire Catherine Martin
Teach Teidí in Áras Chrónáin
Teach Teidí in Áras Chrónáin